Turas Scoile

Chuaigh na Naíonáin Bheaga go dtí an fheirm. Bhí an-chraic againn.
Nach deas é an coinín!

Tionscnamh Eolaíochta

Bhí muid páirteach sa tionscnamh "Discover Primary Science". Rinne na páistí go leor gníomhaíochtaí eolaíochta. Chonaic siad na rísíní ag damhsa le cabhair ó CO2, chuir siad síolta trátaí, thóg siad droichead, chuir siad héalacaptair páipéir ag eitilt agus chonaic siad éifeachtaí teasa.



Na rísíní ag damhsa!

Na síolta trátaí ag fás!


Droichead láidir!

Na héalacaptair ag eitilt



Scríobh Leabhar Gaeilge 2007


I mbliana, ghlac muid páirt sa chomórtas Scríobh Leabhar Gaeilge. Bhain na páistí an-sult as na leabhair éagsúla a scríobh, "An Aibítir", "Ar Scoil" agus "Dathanna agus Cruthanna".




Fuair gach páiste bonn agus teastas mar thoradh ar a gcuid oibre.

Obair Ealaíne

Déanann na páistí an-iarracht san Ealaín chuile seachtain. Is breá leo a bheith ag péinteáil, ag priontáil, ag tógáil, ag obair le cré agus ag obair le fabraic agus snáithín.




Am Spraoi

Gach maidin, bíonn am spraoi ag na Naíonáin Bheaga ar feadh 20 noiméad. Seo sampla de na bréagáin a bhíonn acu.